Lobster Telephone
Salvador Dalí

Salvador Dalí

1904 - 1989

Ealaíontóir clúiteach Spáinneach ba ea Salvador Domingo Felipe Jacinto Dalí i Domènech,. Rugadh an péintéir osréalach i Figueres na Catalóine. Línitheoir oilte a bhí ann agus cáil air mar gheall ar na híomhánna aisteacha taibhseacha a bhí ina shaothar osréalach. Mhaígh sé féin go raibh tionchar ag a shinsir Arabacha ar a dhúil san aistíl agus sa gháifeachas, ach luaitear tionchar mháistrí an Renaissance leis chomh maith. Bhí baint aige le scannáin a léiriú chomh maith agus spéis aige i ngrianghrafadóireacht agus i ndealbhadóireacht chomh maith le scríbhneoireacht. ba mhinic a tharraing sé níos mó airde ar an saol neamhghnách a chaith sé ná ar a shaothar. Ba chara mór dá chuid an file Federico García Lorca.

Wikipedia, 2023