Thomas Chippendale
1718 - 1779
Dearthóir is déantóir troscán a rugadh gar d'Otley Shasana ab ea Thomas Chippendale. Ardcháil air as a leabhar The Gentleman and Cabinet-Maker's Director (Treoir an Fhir Uasail is an Chaibinéadaire, 1754) a thug raon cuimsitheach dearaí i gcomhair troscán i stíleanna Rocócó, chinoiserie is na hAthbheochana Gotaí. Fuair sé bás den eitinn in Hoxton, i Sasana.
Wikipedia, 2023